Cothaigh: Dialann an Dalta ar Fholláine Bl. a Dó

Cothaigh: Dialann an Dalta ar Fholláine Bl. a Dó

Price: €11.50
Select Quantity:
Enter PO Number (Optional):
About

Le ‘Cothaigh – Dialann an Dalta ar Fholláine Bliain a Dó’, tá clár corraitheach deartha go cúramach ag Foireann ‘Cothaigh’ a ligeann do dhaltaí an Dara Bliain fás agus forbairt a dhéanamh trí na scileanna a theastaíonn uathu chun brú agus dúshláin a bhainistiú go réamhghníomhach a mhúineadh dóibh. Ag tógáil ar scileanna a fuarthas i mBliain a hAon, cabhraíonn an Dialann seo le foghlaimeoirí a bhfolláine féin a chur chun cinn go gníomhach freisin. Trí phleanáil mhionsonraithe atá i gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach, leis na Treoirlínte maidir le Folláine sa tSraith Shóisearach, agus leis an Ráiteas Polasaí Folláine agus Creat Cleachtais, cuirtear béim ar an bhfoghlaim atá bunaithe ar scileanna, ar staidéar agus bainistíocht ama, agus ar an aireachas, an chruthaitheacht agus an ghníomhaíocht coirp a chothú. Nuair a fhorbraíonn daltaí na scileanna is gá chun a n-ualach oibre a láimhseáil agus barr a bhreith ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus ar na Tascanna Measúnaithe, déanann siad a bhfolláine a chosaint ag an am céanna. Ní hamháin go bhfuil sé lomlán le cleachtaí agus le gníomhaíochtaí ranga mealltacha i ngach ceacht, ach tá tuilleadh acmhainní agus sínte ceachta sa Dhialann seo freisin chun an fhoghlaim dhifreáilte a éascú. Tá bród ar Fhoireann ‘Cothaigh’ as an mbailiúchán seanbhunaithe seo de ghníomhaíochtaí do dhaltaí a chur i láthair, gníomhaíochtaí a d’oibrigh ina seomraí ranga féin, rud a chinntíonn go bhfásann agus go bhforbraíonn daltaí trí na Príomhscileanna, Táscairí na Folláine agus na Ráitis Foghlama a fhiosrú. Tá Pacáiste Teagaisc Digiteach ar fáil lena n-áirítear Pleananna an Mhúinteora, PowerPoints, Plean Ábhair na Roinne, Scéim Oibre agus Aguisín I.

View Next

€11.50
€11.50